Sunday 9 December 2012

Seirbhís Carúil Nollag le cór Bhaile Dúill

Seirbhís Carúil Nollag le cór Bhaile Dúill

i

Séipéal Nmh. Peadar agus Pól, Baile Dúill

Dé Domhnaigh 16ú Nollag 2012

3.30 - 4.30pm

Bígí linn.

Sunday 21 October 2012

Iomainn don tseachtain seo chugainn - 28 Deireadh Fómhair 2012


Iomainn don tseachtain seo chugainn - 28 Deireadh Fómhair 2012

20   Gura Tú mo Bhuile

Gura tú mo bhuile, a chroí na gile
Ní ní neach eile ach Rí seacht neimhe
Gura tú mo mhachnamh de ló is d’oíche
Gura tú mo radharc i mo chodladh choíche

Gura tú mo lúireach, gura tú mo bhinneas
Go mba tú mo mhórgacht, gura tusa m’aoibhneas
Gura tú mo dhídean, gura tú mo dhaingean
Go mba tú do m’ thógáil do chuallacht na n-aingeal

Gura tú mo labhairt, gura tú mo thuigse
Go mba tusa domsa, go mba mise duitse
Gura tusa m’athair, gura mé do mhacsa
Gura tusa liomsa, gura mise leatsa

Gura tú mo bhuile, a chroí na gile. Amen


16   Deus Meus

Deus meus adiuva me
Tabhair dom do shearc, a Mhic Dhil Dé
Tabhair dom do shearc, a Mhic Dhil Dé
Deus meus, adiuva me.

Domine, da quod peto a te
Tabhair dom go dian, a ghrian ghlan ghlé
Tabhair dom go dian, a ghrian ghlan ghlé
Domine, da quod peto a te.

Tuum amorem sicut vis,
Tabhair dom go tréan a déarfad arís
Tabhair dom go tréan a déarfad arís
Tuum amorem, sicut vis.

Domine, Domine, exaudi me,
M'anam bheith lán de d' ghrá, a Dhé
M'anam bheith lán de d' ghrá, a Dhé
Domine, Domine, exaudi me.


39   Tú Féin m’Aon Aisling

Tú féin m’aon aisling, a Thiarna mo chroí
Ach amháin tusa níl ann ach neamhní
Oíche is sa ló is tú lóchrann mo shlí
Soilsír i m’shuan orm agus nuair a dhúisím

M’eagna tú féin agus m’aon bhriathar fíor
Mise de shíor leat is tú liom de shíor
Tú mo mhór-Athair is mé do mhac díl
Tusa do chónaí ionam, mé ag fás uait mar chraobh

T’réis an chrua-chomhraic, a Rí ghil na reann
Fáiltigh ar neamh romham a Ghrian a bhfuil ann
Cnú mo chroí féin thú pé íde atá chugam
M’aisling go brách thú, a Rí mhór na ndúl


11   Beannacht Leat a Mhuire

Beannacht leat, a Mhuire
Is beannacht leat, a Chríost
Go gcumhdaí sibh ár n-anama
Go dtagaimid arís

Beannacht leat, a thigh Dé
Is beannacht Dé inár dtimpeall
Nár scara uainne grásta Dé
Go bhfillimid chun a theampaill